Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Riachtanais nua chun taisteal go dtí an Eoraip
  • 10 Márta 2025

Cláir éascaithe náisiúnta

Níl an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm faoi láthair.
Táthar ag súil go gcuirfear tús leis i mí Dheireadh Fómhair 2025.
Fógróidh an tAontas Eorpach dáta tosaigh sonrach EES roinnt míonna sula seolfar é.

Náisiúnaigh tríú tíortha a thaistealaíonn go minic chun na hEorpa, d’fhéadfaidís leas a bhaint as maoluithe ó sheiceálacha críochnúla ar theacht isteach dóibh trí chláir éascaithe náisiúnta. Leis na cláir sin, éascófar trasnuithe teorann trí fhaisnéis a chur ar fáil d’oifigigh rialaithe pas maidir le tréimhsí fanachta náisiúnaigh tríú tíortha roimhe sna tíortha Eorpacha ina n-úsáidtear EES, agus/nó maidir le diúltuithe iontrála.

Is pribhléidí iad na maoluithe sin – níl aon tír Eorpach ina n-úsáidtear EES faoi oibleagáid iad a dheonú. Is maoluithe tírshonracha iad freisin – maolú i dtír Eorpach amháin, níl sé bailí i dtír Eorpach eile mura bhfuil comhaontú ann idir an dá thír.

Má dheonaítear rochtain duit ar chlár éascaithe náisiúnta, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ar oifigigh rialaithe pasanna sa chríoch ar leith na nithe seo a leanas a fhíorú:

  • do phointe imeachta agus do cheann scríbe;
  • cuspóir na tréimhse fanachta atá beartaithe agat agus na doiciméid tacaíochta chomhfhreagracha, más gá; agus
  • an bhfuil cóir mhaireachtála leordhóthanach agat le haghaidh fad agus cuspóir na tréimhse fanachta atá beartaithe agat, le haghaidh d’fhillte chuig an tír thionscnaimh, nó le haghaidh d’idirthurais go tríú tír (nó an bhfuil tú in ann an chóir sin a fháil go dleathach).

Níl feidhm ag na cláir sin má tá ceart chun saorghluaiseachta agat faoi dhlí an Aontais. De réir na reachtaíochta ábhartha (Airteagal 2 (5) de Rialachán (AE) 2016/399), is iad seo a leanas na daoine ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais:

  • saoránaigh den Aontas Eorpach;
  • náisiúnaigh tríú tíortha ar baill teaghlaigh iad le saoránach den Aontas a fheidhmíonn a c(h)eart chun saorghluaiseachta agus
  • náisiúnaigh tríú tíortha agus baill dá dteaghlaigh ag a bhfuil cearta chun saorghluaiseachta, faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit agus na tríú tíortha sin, cearta atá coibhéiseach leo siúd atá ag saoránaigh den Aontas.

Critéir incháilitheachta

Chun bheith in ann leas a bhaint as clár éascaithe náisiúnta, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • riachtanais iontrála na tíre ar mian leat taisteal chuici a chomhlíonadh;
  • doiciméad taistil bailí a bheith agat agus, i gcás inarb infheidhme, víosa bhailí nó cead cónaithe bailí a bheith agat;
  • a bheith in ann údar cuí a thabhairt le taisteal go minic chuig tíortha na hEorpa ina n-úsáidtear EES;
  • fianaise a thaispeáint maidir le d’úsáid dhleathach víosaí, stádas eacnamaíoch i do thír chónaithe, agus an rún atá agat imeacht ón tír Eorpach atá i gceist roimh dheireadh do thréimhse fanachta údaraithe; agus
  • cruthúnas a thabhairt go bhfuil an acmhainn airgeadais agat (sin nó gur féidir leat í a fháil go dleathach) chun fad iomlán na dtréimhsí fanachta atá beartaithe agat a chlúdach sa tír Eorpach atá i gceist.

Is féidir leat a fháil amach an bhfuil tú incháilithe do chlár éascaithe náisiúnta nó nach bhfuil (cuirfear é sin ar fáil níos déanaí).

Fad tréimhse

Má chruthaíonn tú go bhfuil tú incháilithe, tabharfar rochtain duit ar chlár éascaithe náisiúnta ar feadh aon bhliain amháin ar a mhéad.

Tá athnuachaintí faoi réir athmheasúnú bliantúil incháilitheachta agus bíonn siad bailí:

  • ar feadh cúig bliana ar a mhéad; sin nó
  • go dtí go rachaidh do dhoiciméad taistil, do víosa dul isteach iolrach, do víosa fadfhanachta nó do chead cónaithe in éag, cibé acu is túisce a tharlóidh.

In-aisghairtheacht

Más léir nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta a thuilleadh, féadfar do rochtain ar chlár éascaithe náisiúnta a chúlghairm.

Comhairliúchán idir tíortha Eorpacha

Má bhíonn amhras ar an tír Eorpach atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chlár éascaithe náisiúnta maidir leis an bhfaisnéis a thug tú, maidir le do ráitis nó maidir le do dhoiciméid tacaíochta, féadfaidh an tír sin dul i gcomhairle le tíortha Eorpacha eile sula n-eiseoidh sí cinneadh críochnaitheach.

Comhaontuithe idir tíortha Eorpacha

I ndiaidh comhaontuithe idirnáisiúnta, d’fhéadfá, i gcásanna áirithe, tairbhe a bhaint as cláir éascaithe náisiúnta i níos mó ná tír Eorpach amháin ina n-úsáidtear EES. Tá eolas maidir leis na comhaontuithe sin le fáil anseo. (Cuirfear é sin ar fáil níos déanaí).

 

Faigh amach faoin difríocht idir EES agus ETIAS